Sunday, May 3, 2015

Bricfeasta na hAoine - my own 'grá' for our native language


Inné bhí mé ag caint ag Bricfeasta na hAoine, ócáid eagrithe ag Glór na nGael. Bhí slua maith de Ghaeilgeoirí ann. Daoine le Gaeilge ag teacht le chéile ar son phroinn na maidine san ArdChathair.

At Bricfeasta na hAoine in Dublin  I spoke as a guest of Glór na nGael. I spoke of my own 'grá' for our native language.

Tá mé thar a bheith sásta a bheith libh anseo go moch ar maidin. Tá sé chomh maith go bhfuil an oiread seo daoine a bhfuil suim acu i ndul chun cinn na Gaeilge anseo linn inniu.

Go raibh míle maith agaibh as cuireadh a thabhairt dom bheith in bhur measc.

Tréaslaím an obair iontach atá idir lámha ag Glór na nGael. Táim den tuairim go gcaithfear an Ghaeilge a scaoileadh saor ón seomra ranga agus beocht a thabhairt di in achan gné den tsaol.

Beatha teanga í a labhairt. Tugann Glór na nGael go leor dieseanna do dhaoine an Ghaeilge a labhairt i níos mó áiteanna.

Chuir mé féin suim sa teanga nuair a bhí me ag freastal ar bhunscoil Naomh Finian De La Salle ar Bhóthar na bhFál.

Ach nuair a chuaigh mé go dtí Scoil na mBráithre Críostaí chuir mé tús le gaol leis an teanga a mhaireann go dtí an lá atá inniu ann.

Cuid mhór de sin ná an Bráthair Beusang a d’eagraigh turasanna chuig an Ghaeltacht i dTír Chonanaill.

An chéad deis eile a bhí agam mo chuid eolais ar an Ghaeilge a leathnú ná sa phríosún.

Chruthaigh na cimí polaitiúla, go háirithe sna cásanna sa Cheis Fhada, pobail bheaga Gaeilge – botháin Gaeltachta – áit a raibh an teanga beo gach lá.

Agus mar gheall ar an stádas polaitiúil a bhí againn bhí cead leabhair Ghaeilge a bheith againn.

Sin an áit ar fhoghliam Bobby Sands a chuid Gaeilge.

Bhí Prionsias Mac Airt, seanPhoblachtánach, amhránaí ar an sean-nós mar mhúinteoir aige.

Múinteior eile as Luimneach a bhí ag múineadh ná Coireal Mac Curtain.

Ansin, nuair a scaoileadh saor na cimí, lean siad ar aghaidh ag obair ar a gcuid Gaeilge sa phobal.

Bhí pobal Gaeilge láidir ann i mBéal Feirste roimhe sin le Gaeltacht Bhóthar Seoighe agus Cumann Chluain Aird.

Níos déanaí nuair a tháinig na Blocanna H in áit na gcásanna, agus nuiar a bhí an Ghaeilge mar ghnátheanga laethúil, bhí tionchar ollmhór aige seo ar dhaoine óga ó na ceantair náisiúnach agus lucht oibre sa tuaisceart.

Ag an tráth sin fosta, cuireadh lasair síos i measc an phobail mar gheall ar na stailceanna ocrais.

Nuiar a scaoileadh saor na daoine sin a bhí sna blocanna, thóg siad na scileanna sin amach chuig an phobal. Chuir said ranganna ar siúl i bpubanna, clubanna, ionaid phobail agus i dtithe.

Inniu i m’áit dhúchais in iarthar Bhéal Feirste thig liom dul isteach chuig mo shiopa lóganta agus an nuachtán a cheannacht trí mheán na Gaeilge.

Thig liom dul chuig an bhairbeoir aitiúil agus bearradh gruaige a fháil le comhrá fada as Gaeilge.

Thig liom dul chuig an chaifé lóganta agus cupán caifé a ordú trí mheán na Gaeilge.

Tá pobal Gaeilge atá beomhar ar Bhóthar na bhFál agus tá Ceathrú Gaeltachta againn.

Tá naíonraí, Gaelscoileanna agus Meánscoil Feirste ann.

Tá na mílte páiste dulta agus ag dul faoi láthair trí oideachas le Gaeilge.

Ó mo cheantar féin, Baile Uí Mhurchú fuair dhá mhíle páiste oideachas trí mheán na Gaeilge le déanaí.

Tá seo uilig an-tábhachtach.

Nuair a chuirtear teanga faoi chois boilg éilíonn an pobal cearta teanga,

Céad bliain ó shin chuidigh athbheochan na Gaeilge, an cheoil, na litríochta agus na drámaíochta dúchais, borradh a chur faoi dhaoine saoirse na tíre a bhaint amach agus ar ndóiche lean sin ar aghaidh go dtí Éirí Amach 1916.

I 1987 i Soweto san Aifric Theas nuair a bhí mic léinn ag iarraidh oideachais ina dteanga dhúchais féin chuir said tús le rud an-tábhachtach.

Bhí an Stát in aghaidh athrú agus d’éirigh na mic léinn amach.

Rugadh spiorad iontu. Sheas siad an fód.

Cosúil le cóilíneachtaí eile bhí an teanga agus an cultúr faoi ionsaí go rialta in Éirinn.

I ndiaidh na gcéadta bliain de chólínteacht tá a rian láidir fágtha linn in Éirinn.

Rinne Séan Mac Giolla Bhríde, iar-cheannaire an IRA, buaiteoir Duais Nobel agus Lenin na Síochána, cur síos air mar ‘intinn an sclábhaí’

Bhí an dearcadh nó an mheoin sin chomh láidir in Éirinn gur nós leis na húdair agus na filí, tagairt a dhéanamh d’Éirinn le tagairtí casta.

Léirigh siad Éire mar Kathleen Ní Houlihan.

Mar atá a fhios agaibh go maith bhí fáth leis seo.

Má bhí duine ag lorg post bhí an Béarla de dheol orthu.

Go háirithe iad siúd a bhí ag dul ar imirce chuig na Stáit Aontaithe, An Asráil nó Sasana.

Bhí dlí na Breataine an-dian orthu siúd a bhí ag maireachtáil trí mheán na Gaeilge.

Tá sin fós ag tarlú sa tuaisceart mar a bhfuil cosc iomlán ar an Ghaeilge a úsáid sna Cúirteanna.

Ach bhí an scéal mar an gcéanna in Albain agus sa Bhreatain Bheag go dtí gur tháinig an féinriail.

Mar sin is iad an DUP agus an UUP atá in aghaidh Acht na Gaeilge. Ar an lámh eile bhí páirt láidir ag go leor Protastún in athbheochan na Gaeilge cosúil le Robert Shipbuoy McAdam agus féach an obair atá ar siúl san ionad Skainos ar Bhóthar Bhaile Nua na hArda inniu mar shampla.

Maidir leis na Gaelscoileanna a tháinig chun cinn le tríocha bliain, dhiúltaigh Rialtas na Breataine aon airgeadas a chur ar fáil daofa.

Níor chuir sin stop leis na Gaelscoileanna, agus níor chuir sé stop leis na Gaelscoileanna sa Stát seo ach oiread.

Smaoiním ar na daoine a tháinig ón Ghaeltacht chun na cathrach chun freastal ar phobal Gaeilge nua seo agus an nath a bhí ag Máirtín Ó Díreáin “An Charraig agus an Chathair”

Tháinig an pobal le chéile, cheannaigh said sean-bhotháin déanta as adhmaid, agus d’oscail said scoileanna nach raibh go leor áiseanna acu ach a raibh grá láidir don teanga iontu.

Cuireann Sinn Féin an-bhéim ar an oideachas, sin an fáth go bhfuil an aireacht sin againn ó tháinig an Feidhmeannas ar an saol.

Faoin scéim roinnt-chumhachta chinntigh na hAirí oideachais John O’Dowd, Caitríona Ruane agus Martin McGuinness go mbeadh airgead ann don GhaelOideachas agus go rachadh sé ó neart go neart.

Mar sin, i mo bharúil féin, ceann de na dúshláin is mó atá roimh phobal na hÉireann ná díchóilíniú.

Mar a dúirt Máirtín Ó Cadhain ‘Is í an Ghaeilge Athghabháil na hÉireann agus is í athghabháil na hÉireann slánú na Gaeilge’

Sin é an fáth go bhfuil gá ann le hAcht Gaeilge ó Thuaidh a thugann cosaint do chearta saoránaigh an Ghaeilge a úsáid.

D’fhoilsigh an tAire Caral Ní Chuilin dréachtAcht na Gaeilge le comhairliúchán ar siúl anois.

Chuir Caral tús leis an fheachtas 'Líofa', a bhfuil ag éirí go breá leis, agus An Club Leabhar fosta.

Agus sa Stát seo sin an fáth go gcaithfimid deireadh a chur leis an ghearradh siar a bhaineann leis an teanga, níos mó airgid a thabhairt ar ais do Foras na Gaeilge agus airgead ceart a chur ar fail chun Scéim Fiche Bliain a chur i gcrích.

Nuair a bhí mé ag siúl chuig an áit seo ar maidin tháinig gliondar croí orm nuair a chonaic mé go leor pósataer ag tacú le 'TÁ' sa reifreann atá le teacht. Dhá rud a bhí iontach faoi sin.

An chéad rud ná go raibh Gaeilge ar na póstaeir ó go leor páirtithe, ní amháin Sinn Féin. Is linn ar fad an Ghaeilge.

Ní bhaineann sí le haon ghrúpa, aon chine nó aon chreideamh amháin.

Tá sí uilíoch.

Clúdaíonn an dátheangachas gach duine.

Agus ní bhaineann an Ghaeilge le Sinn Féin nó le poblachtánaigh amháin.

An dara rud ná an focal comhionannas a bheith chun tosaigh ar na póstaeir.

Is breá liom na focail a thosaíonn le ‘comhComhoibriú, comhpáirtíocht, agus ar ndóigh comhionannas.

Sin bunús an phoblachtánachais. Comhionannas.

Ba cheart go mbeidh deis ag gach duine saol a chaitheamh le compáird agus sonas.

Tá cearta tábhachtach fosta.

Ba chóir an ceart a bheith againn ár dteanga dhúchais in achan gné den tsaol.

Léigh mé altanna le polaiteoirí eile a shíleann gur masla daofa agus don teanga é nuair a labhraím as Gaeilge sa Dáil.

Caitheann said anuas ar an chanúint is agamsa agus go mbímse ag plé rudaí tábhachtacha as Gaeilge.

Sin an barúil atá acu.

An rud a chuireann isteach orm ná go bhfuil daoine sa Dáil a bhfuil an teanga acu, ach seachas í a úsáid, baineann siad spoc as daoine nach bhfuil an teanga acu.

Nó i gcás an Taoiseach agus An Teachta Mick Wallace is bealach é chun ceist thábhachtach a chur ar leataobh.

Creidim nach bhfuil bealach níos fear ann chun deireadh a chur le meath na Gaeilge ná chun í a úsáid sna hinstitiúdí is airde sa tír.

Tá Teachtaí sa Dáil atá i bhfad níos líofa ná mé féin ach nach labhraíonn smid Gaeilge sa Dáil.

Cad chuige seo?

Ar an ábhar seo creidim nach bhfuil áit ar bith nach féidir an Ghaeilge a úsáid ann.

Ba cheart go mbeadh an Dáil oscailte agus tacúil do dhaoine atá ag iarraidh an teanga a úsáid gach lá.

Le sampla maith leanfaidh na daoine eile.

Mar fhocal scor, maidir le hÉirí Amach 1916 agus an céad bliain.

Níos luaithe labhair mé faoin nasc sin idir an teanga, an cultúr agus an ceol le comhthéacs an Éirí Amach a chruthú.

Tá sé an-tábhachtach agus muid réidh le céiliúradh a dhéanamh ar an céad bliain, go mbeidh an Ghaeilge ina cuid lárnach de na himeachtaí sin.

Arís míle buíochas as cuireadh a thabhairt dom. Tugann sé ardú meanmar dom nuair a fheicim daoine anseo le Gaeilge agus chomh gníomhach. Leanaigí ar aghaidh leis an obair thábhachtach seo.

Translation

I am delighted to be here with you early this morning.

It is great to see so many people active in the Irish language.

Thank you very much for inviting me to be here with you this morning.

I want to praise the work undertaken by Glór na nGael.

I am strongly of the opinion that Irish must be liberated from the classroom and inserted into every aspect of life.

The life of a language is in its speaking.

Glór na nGael gives people the opportunity to speak Irish in more and more settings.

My own interest in the language began when I started primary school at St. Finian’s De La Salle School on the Falls Road.

 However it was St. Mary’s Grammar School run by the Christian Brothers which really bonded me to the language.

A big part of that was Brother Beausang who helped organise our summer breaks to the Donegal Gaeltacht.

My next real opportunity to extend my limited knowledge of the language was in prison. 

Political prisoners, particularly in the cages of Long Kesh, created Irish language communities in prison – Gaeltacht huts – where we lived and breathed the language each day.

And because we had political status we were permitted Irish language text books.

It was there that Bobby Sands learned Irish.

He was taught by, amongst others, Prionsias Mac Airt, a veteran republican, a sean-nós singer and a man from Limerick, Coireal Mac Curtain.

Subsequently, many of these prisoners and others who had been interned continued with their work on the language when they were released.

Later when the cages were replaced by the H Blocks and when the Irish language became the daily language of most of the protesting prisoners at that time, this had a huge impact on the consciousness, particularly of young working-class nationalists.

A spark was lit in the community during the Hunger Strikes.

When prisoners were released from the Blocks, many of them brought the language skills and teaching methods they had learned back into their communities conducting classes in pubs, clubs, community centres and homes.

In my own native West Belfast I can go into my local shop and buy my newspaper using Irish.

I can go to my local barber and get my hair cut and have a long conversation with my barber using Irish.

I can go to my local café and buy my coffee through the medium of the Irish language.

We have a thriving Irish language community n Belfast and on the Falls there is Ceathrú na Gaeltachta.

There are Irish medium nurseries, primary schools and a Meánscoil Féirste.

Thousands of our children have and are going through education using Irish as their first language.

All of this s very important.

Culture and language are catalysts for change and development.

Often the effect is a dynamic.

The suppression of language leads to the demand for language rights.

Just over 100 years ago the revival of the Irish language and of native music and culture, of literature and theatre helped spur the national and republican struggle for independence and laid the foundations for Easter 1916.

In the context of the anti-apartheid struggle in South Africa, the simple assertion of the right to be taught through their native tongue by students in Soweto in 1976 was a key moment.

The state resisted change and the students rebelled.

A renewed spirit of resistance was born.

In Ireland, as in other colonies, culture and language have been a frequent target.

Hundreds of years of colonialism have left an indelible impression on Irish society.

Human rights campaigner Sean MacBride, once an IRA commander, later a winner of both the Nobel and the Lenin Peace Prize, described the problem as being ‘a slave mentality’.

British imperialism and colonialism has been so pervasive in Ireland over such  a long time that in the past artists and writers gave expression to their Irishness only in veiled references.

Ireland was disguised as Kathleen Ní Houlihan.

Of course, as you may well know, there was a sound historical reason for this.

If you wanted a job you needed English.

Especially if you wanted to go to the USA, Australia or England.

British law severely penalised those giving outward expression to Irishness, including our language.

That remains a real issue in the north where, for example the use of Irish in the courts is specifically outlawed.

It was likewise in Wales and Scotland until they asserted devolution.

Therefore it is the DUP and the UUP who are against an Irish Language Act in the north. On the other hand, there were many Protestants active in the language revival, like Robert Shipbuoy McAdam and the  wonderful work being done by Linda Ervine at the Skainos Centre on the Newtonards Road.         

Irish language schools, of which many have grown up over the last 30 years, were refused public funding under British direct rule.

That did not stop the formation of gaelscoileanna.

I often think of those that left the Gaeltacht to come to the cities to nurture these new Irish language communities. The phrase coined by Máirtín Ó Direáin sums up that period "An Charraig agus an Chathair"

Families and local communities worked hard to raise funds, buy second hand wooden huts, and open schools that were short on resources but in which there was a strong love for the language.

Recognising the importance of education Sinn Féin has held the education department in the Executive since it was established.

Under power-sharing, Education Ministers John O Dowd, Caitríona Ruane and Martin McGuinness have ensured funding is provided and Irish medium education grows from strength to strength.

So, one of the greatest challenges we face today is the decolonisation.

As Máirtín Ó Cadhain rallied: ‘Is í an Ghaeilge Athghabháil na hÉireann agus is í athghabháil na hÉireann slánú na Gaeilge’

That is why an Irish language Act is needed in the north that protects the rights of Irish speakers. Caral Ní Chuilin has published  a draft Irish Language Act.

Caral initaited a great scheme called 'Líofa' which is flourishing, and a scheme for Irish language books.

And it is why in this state we need an end to cuts affecting the language, a restoration of funding for Foras na Gaeilge and finance for the implementation of the 20 year strategy for the Irish language.

When I was walking here this morning I was uplifted when I saw many posters that were supporting a YES vote written in Irish.

Two things about that I found fantastic.

Firstly, there were signs in Irish from most of the parties, not just Sinn Féin.

We all own the Irish language.

It is not confined exclusively to any religious, ethnic or racial group.

It is inclusive.

And developing bilingualism includes everyone.

Nor does the Irish language belong solely to Sinn Féin or Irish republicans.

The second thing that uplifted me is that the word Comhionannas is to the fore on all the posters.

I like words that begin with comh ; comhoibriú cooperation, comhpháirtíocht solidarity.

And of course Comhionannas.

That is what is at the heart of Republicanism.

Equality of condition for all citizens.

Rights are also at the heart of Republicanism.

We should have the right to speak one’s native language in all facets of our lives.

I have read articles by other politicians who seem to think that my using the Irish language in the Dáil is an affront to them and to the language.

They make fun of my Ulster dialect and Belfast accent and are critical of the fact that I try to discuss ‘important’ matters through the medium of Irish

That’s their opinion.

What I find frustrating is that so many of those in the Dáil have the language and instead of using it they poke fun at those who try.

Or as in the recent case of the Taoiseach and Mick Wallace it becomes a means of dismissing the concerns of a Teachta Dála on an important issue.

I believe there is no better way to show commitment to the reversal of language decline than using the language in public in some of the highest institutions.

Thre are Teachtaí in the Dáil far more proficient in the Irish language than I am, yet they don't utter a word as Gaeilge in the Dáil.

Why not?

To this end I believe it is important to show that there is no forum unsuitable for using Irish.

The Dáil, more that any other institution should be openly and enthusiastically encouraging the use of the Irish language every day.

If we set the example then others might follow.

Finally, a word about the centenary celebrations for 1916.

Earlier I remarked on the importance of the language and culture and music and literature in creating the context for the Rising.

It is very important that as we plan to celebrate the centenary that this aspect of that period in our history is given expression.

That may be something you have already discussed in this group.

So, congratulations for liberating an Ghaeilge and bringing it to the breakfast table. I commend the work of Glór na nGael for providing practical and living examples of  how the very essence of Irishness can be part of our lives.

No comments:

Share