Monday, March 18, 2019

Raidió Fálte takes up a new home



 

 D’oscail suíomh nua Raidió Fáilte ar an Aoine seo caite. Seo m’cuid foclaí ón imeacht. 

"Molaim achan duine a chuidigh le Líonra Uladh – Raidió Fáilte a bhunú.

Ach tá moladh ag dul do Fergus Í hÍr go hairithe.

Ghlac Fergus páirt i nGluaiseacht na gCeart Sibhialta. Is fear gnímh é.

D’inis sé scéal dúinn le déanaí faoi na hAontachtóirí sna seascaidí nuair a chuir siad bac ar pháirc na leanaí mar Dé Domhnaigh a bhí ann.

Is ceannródaí Gaeilge é Fergus, iar Phríomh Oide i Meánscoil Feirste, amhránai den scoth, craoltóir, bullaí fir agus scoláire.

Nuair a bhunaigh Eoin O’Néill, Fergus, Gearóid O Cearbhalláin agus Clara Ní Giolla Raidio Failte i lár na nóchaidí bhí sé ar an aer go minic agus ansin bhí sé mar bhainisteoir.

Mar a deir siad féin sin na laethanta nach raibh siad ag cloí leis an dlí!!!

These were their ‘pre-legal days.

Fuair siad an ceadíúnas in dá mhíle is a sé agus chuiagh siad ó neart go neart.

Le fiche bliain tá seirbhís iontach luachmhar curtha ar fáil ag Raidió Fáilte.

Tá an foirgnmeamh seo mar léargas ar an díogras a chuir siad isteach.

Áis iontach atá ann.

Tá sé i gcroílár Iarthar Bhéal Feirste agus An Cheathrú Gaeltachta.

Infheistíocht thábhachtach é i bhforbairt chraoltóireacht na Gaeilge sa tuaisceart sna blianta amach romhainn.

Beidh áiseanna craoltóireachta, cartlannaíochta agus oiliúna den chéad scoth anseo.

Molaim an ailtire Ciarán Mackle agus McGurks as an fhís a bhí acu chun an spás seo a úsáid.

Molaim Roinn na bPobal  agus Comhairle Cathrach Bhéal Feirste a bhfuil thart faoi million go leith punt curtha acu leis an togra seo.

Mo bhuíochas go speisialta le Ciste Infheistíochta Gaeilge a bhfuil trí chéad mile punt curtha acu leis an togra seo.

Ó bunaíodh é ocht mblianta ó shin tá breis is sé mhilliún punt curtha acu le tríocha trí togra.

Mar gheall ar seo agus trí bheith ag obair le forbairthoirí tograí tá trí mhilliún déag breise curtha ar fáil ar son áiseanna do phobal na Gaeilge.

Tá fiche ‘s a haon togra faoi lan seoil agus tá cúig cinn eile ag teacht.

Tháinig Ciste ar an saol mar gheall ar na comhchainteanna a rinne i Hillsborough in da mhíle is a deich.

Ag an tráth sin d’éirigh le Sinn Féin gealltanas a fháil go mbeadh fiche milliún punt le caitheamh ar thograí Gaeilge.

Ag an am sin dúirt mé gur beagán a bhí ann mar go raibh pobal na Gaeilge i dteideal i bhfad i bhfad níos mo airgis.

Ach tús a bhí ann.

Mar is eol dom féin, tús maith, leath na hoibre.

Agus leis an méid airgis sin d’éirigh le pobal na Gaeilge

Bhí dhá mhilliún déag le caitheamh ar Chiste Craoltóireachta na Gaeilge agus ocht milliún le haghaidh tograí caipitil.

Bunaíodh Ciste Infheistíochta Gaeilge chun an ciste seo a riaradh agus d’éirigh go han-mhaith leo an chuid is fearr a bhaint as méid airgid atá beag go leor, dar leat.



Tá an Ciste ann chun pobail Gaeilge a chothú agus cuidiú leo; chun tacú airgidis a chur ar fáil do thograí caipitil chun postanna a chruthú agus chun ceathrúnaí cultúrtha a bhunú.

Feicim go bhfuil cara liom anseo inniu, iar-Aire Caral Ni Chuilín.

Ghlac Caral agus Airí eile ar nos Michelle Gildernew, Caitriona Ruane, Bairbre de Brún agus John O’Dowd ról lárnach

Tá na mílte ógánach a fuair a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge nó atá sa chóras faoi láthair.

Is leo féin an todhchaí agus ta dualgas orainn a chinntiú go mbeidh deiseanna fostaíochta agus áiseanna pobail ann le go mbeidh tacaíocht pobail, fostaíocht agus áiseanna oiliúna ar fáil dóibh.

Tá dualgas eile orainn fosta cinntiú go bhfuil aitheantas ann don Ghaeilge agus cosaint reachtúil aici agus go nglacfar leis an cheart do shaol a chaitheamh trí mheán na Gaeilge.

Tá bród mor orm gur féidir liom mo chuid chúnamh a dhéanamh anseo in Iarthar Bhéal Feirste go hiomlan trí mheán na Gaeilge bíodh sin nuachtan a cheannach, bearradh gruaige agus féasóige a fháil, cupán caifé a fháil nó pionta a chaitheamh siar.

Agus is feidir liom éisteacht le Raidió Fáilte fosta.

As sin amháin tá me fíor bhuíoch do achan duine anseo inniu. Maith sibh.

Lá Féile Padraig faoi mhaise daoibhse.



No comments:

Share