Monday, December 4, 2017

Léacht Cothaigh 2017


Oráid Uachtarán Shinn Féin Gerry Adams TD chuig Léacht Cothaigh 2017 - 2ú Nollaig 2017
Dia dhaoibh go léir a chairde,
Ar dtús ba mhaith liom a rá go bhfuil mé thar a bheith sásta bheith libh chun Léacht Cothaigh a thabhairt i mbliana
Is ónóir mhór dom labhairt libh agus sibh ag seoladh ‘Glas le Fás’, an straitéis do thodhchaí na Ceathrú Gaeltachta.
Buíochas mór do Jake Mac Seacais agus Forbairt Feirste as an chuireadh agus buíochas mór oraibhse as teacht.
Tá sé iontach scaifte chomh spreagúil fuinniúil a fheiceáil agus tá sé soiléir go bhfuil an fuinneamh seo le feiceáil i muintir na Gaeilge ar fud na cathrach.
Bhí go leor agaibh sa seomra páirteach sa phróiséas seo, mar sin maith sibh uilig!
Mar is eol daoibh, d’inis mé le déanaí do Ard Fheis Shinn Féin i mBaile Átha Cliath go mbeidh mé ag éirí as mar Uachtarán Shinn Féin agus nach mbeidh mé ag dul ar aghaidh chun an chéad toghchán Dála eile.
B’fhéidir go gceapann sibh go mbeidh mé ag éirí as achan rud.
Ní bheidh mé ná baol air!         
Is gníomhaí mé – ar dtús agus i gcónaí.
Níl amhras ar bith orm agus mé ag dul isteach i mo sheachtóidí go mbeidh mé ag plé le gníomhú ar son na Gaeilge sna blianta amach ó seo.
Bhí mé ag mórshiúil Dearg le Fearg i mí na Bealtaine.
Ceann de na hagóidí is fearr riamh a raibh mé ann.
Na dathanna, an atmaisféar, on óige agus an bheocht, bhí said uilig ar fheabhas.
Bhí glúin óg gníomhaithe ann.
Rugadh iad i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta agus próiséas na síochána.
Bhí an splanc céanna iontu is a bhí ionam agus mo ghlúin nuair a thosaigh muidinne ag éileamh ár gceart agus ár comhionannas.
Níl Gaeilgeoirí na cathrach seo sásta glacadh le cúrsaí mar atá siad.
Tá siad ag iarraidh a gcuid ceart agus sin sin.
Tá borradh faoin Ghaeilge sa Tuaisceart agus i mBéal Feirste go háirithe.


Colma McKee, Acadamh Oiliúna Gaeilge, Pilib Ó Ruanaidh, Iontaobhas na Gaelscolaíochta, Niamh Ní Ruanaidh, Taca, Jake MacSiacais, Forbairt Feirste, Padaí Mac an Fhearraigh, Pobal agus Gearóid macAdaimh, Teachta Dála Chondae Lú, Sinn Féin.

Tá dualgas ar na polaiteoirí a chinntiú go bhfuil sé de cheart ag daoine saol trí Ghaeilge a bheith acu más mian leo.
Seo an dúshlán atá romham agus roimh na polaiteoirí uilig
Ach is mar gheall oraibhse – na daoine sa phobal a thug beocht don teanga – sibhse a rinne an obair chrua agus tá mé an-bhuíoch díobhse uilig.
Chuir sibh stad le meáth na teanga a bhí ag tarlú mar gheall go díreach ar na céadta bliain de pholasaí Rialtas na Breataine.
Mar chumhacht impriúil thuig siad an tábhacht a bhain le teanga, dúchas agus cultúr pobail a scriosadh.
Ansin bhí sé níos éasca teacht i dtír orthu, smacht a choinneáil orthu agus seilbh a ghlacadh ar an tír.
Ach bhí mná agus fir chróga ann ó achan aicme agus earnáil a chuaigh isteach sa bhearna baoil le teanga, ceol agus cultúr na hÉireann a chosaint.
Anseo i mBéal Feirste a mhair duine acu - Robert McAdam - Preispitéireach, a bhfuil a ainm ar an Cultúrlann seo.
Tháisitil Robert go forleathan agus bhailigh sé lámhscríbhinní Gaeilge, rinne sé cóipeanna daofa agus tá siad le feiceáil inniu i Leabharlann Bhéal Feirste agus in Ollscoil na Banríona.
Tá go leor daoine ónár linn féin - na daoine a bhunaigh Gaeltacht Bhóthar Sheoighe, nó an Ard Scoil, nó Cumann Chluain Ard, nó Glór na Móna .
Chuir mé féin suim sa Ghaeilge ar dtús nuair a bhí mé ar bhunscoil Naomh Fhinian De la Salle ar Bhóthar na bhFál.
Bhí beagán beag Gaeilge ag mo mháithair, ach Gaelgoirí iad mo uncail Liam agus Alfie.
Ach is ag Scoil Mhuire leis na Bráithre Críostaí a rinne mé ceangal ceart leis an Ghaeilge trí Brother Beausang.
Bhí deis ag cuid again cuairt a thabhairt ar Ghaeltacht Thír Chonaill sna seascaidí.
Cosúil le go leor ó mo ghlúin, an chéad deis eile a fuair mé chun eolas a chur ar an Ghaeilge ná sa phríosún.
Chruthaigh na cimí polaitiúla sna botháin ar an Cheis Fhada botháin Ghaeltachta – áit a raibh an Ghaeilge á labhairt agus le cloisint achan lá.
Bhuail mé le Bobby Sands ansin.
Níos déanaí sna blocanna H ba é teanga laethúil don chuid is mó de na príosúnaigh.
Bhí tionchar mór ag scríobhneoireacht Bobby ar chur chun cinn na Gaeilge sna príosúin agus lasmuigh fosta.
Mar aon le Gaeilgeoirí a raibh grá acu don teanga agus a d’oibrigh go crua chun í a úsáid agus a chur chun cinn, chuidigh an ghlúin nua seo de Ghaerilgeoirí leis na hiarrachtaí a bhí ar siúl nuair a scaoileadh saor iad.
Bhí iar-chimí agus a gclann ag iarraidh a gcuid páisti a thógáil trí mheán na Gaeilge, rud nach raibh acu féin.
Is mar gheall ar na daoine agus le gaelgeoirí eile go bhfeiceann muid an fás iontach inniu.
Tá buíochas ag dul fosta do na múinteoirí a chur an Ghaeilge os comhair ár bpáistí trí oideachas agus spraoi.
Ba mhaith liom obair mo chara Martin McGuinness a mholadh.
Rinne sár-obair son an teanga mar Aire Oideachais agus mar Leas Chéad Aire.
Ba mhaith liom Caral Ni Chuilín atá anseo anocht a threaslú fosta. Bhunaigh sí an clár LÍOFA.
Is cuimhin liom ag freastal ar chruinniú – nuair a bhi mé mar fheisire – le Mo Mowlam a bhí mar Runaí Stáit ag an am agus le daoine ó Bhunscoil Phobal Feirste.
Bhí sí ann le hinsint do bhord na scoile gur aontaigh sí maoiniú a thabhairt dóibh.
Ar ndóigh, ghlac sé seo iontas ar a chuid oifigí.
Níor fuair an scoil maoiniú ó bunaíodh é.
Nuair a bhí muid ag fágáil, duirt cheann de na oifigí - ceapfaim le Ciarán Mackle - “we’ll get you in the long grass”.
Thug mé gach duine ar ais isteach sa seomra agus duirt mé le Mo Mowlam cad a tharlá.
Sin an seafóid a bhí ann ón Bunaíocht agus tá sin ann fós.
Ach fós, tá an Gaeilge ag dul ó neart go neart.
Tá Sinn Féin ag iarraidh oibriú libh san iarracht sin.
Is gné ríthábhachtach í obair ár bpáirtí.
Ní hé sin le rá go ndéanaimid go leor di - ní mór dúinn.
Ní hé le rá nach féidir linn níos mo a dheanamh – is féidir linn nios mó a dhéanamh i gcónaí.
Agus ní hé le rá go bhfuil na freagraí uilig again – níl.
Ach táimid tiomanta don dúshlán a thug an pobal dúinn anuraidh a shárú – sin chun Acht na Gaeilge a bhaint amach.
Ní faoi reachtaíocht amháin atá sé, cé go bhfuil sin tábhachtach.
Ní faoi chaighdeán, Coimisinéar agus maoiniú amháin ach oiread.
Ní faoi na cúirteanna nó faoi comharthaí bóthair atá sé.
Baineann sé leis an ceart do dhúchas náisiúnta agus an ceart do theanga dhúchais a labhairt i do thír féin.
Tá lucht na Gaeilge ó thuaidh ag iarraidh na gceart céanna is atá ag ár gcomharsana in Albain agus sa Bhreatain Bheag agus sna Fiche Sé Chontae.
Níl an Ghaeilge éiginteach do dhuine ar bith; bíodh sin le hAcht na Gaeilge no gan é.
Agus beidh sé ag fás le Acht na Gaeilge, nó gan é.
Tá sí ann dóibh siúd ar mhaith leo a labhairt.
Agus chun leasa achan duine atá Acht na Gaeilge.
Ach is le achan duine í.
Agus bainfimid amach é.
Bígí cinnte faoi sin.
Má tá an cuid is lú again den spiorad, fuinneamh agus aisling is a bhí ag bunaitheoirí Bhóthar Sheoighe, éireoidh linn.
Chuir siadsan an dian obair isteach ar dtús.
Díreach mar a dhéanann sibhse atá linn anocht an dian obair achan lá sa phobal.
Tá bhur straitéis Glas le Fás iontach ar fad agus tréaslaím sibh as.
Tugann sé treoir dúinn.
An pobal féin i gceannas ar a forbairt féin.
Agus mé ag ullmhú do seo smaoinigh mé siar ar an am ar thosaigh sé seo.
Na dúshláin a bhí romhainn – beith ag comhoibriú le pártaithe leasmhara, fostaíocht agus turasóireacht a chruthú.
Ag cur na teanga i lár an aonaigh.
Ag dul i ngleic leis na húdaráis anseo nuair nach raibh siad ag iarraidh labhairt linn.
Ba cheart do dhuine éigin an stair seo uilig a chur le chéile.
Tá an jab éasca ag na polaiteoirí.
Tá an jab deacair agaibh.
Ach tá mo theachtaireacht simplí - lean ar aghaidh le bhur chuid obair.
Sin é bunús Ghluaiseacht na Gaeilge.
An meon sin “ná abair é, dean é”.
Go raibh míle maith agaibh.

No comments:

Share