Saturday, November 3, 2012

Oireachtas na Samhna 2012

Dé hAoine bhí mé i Leitir Ceannain ag Oireachtas na Samhna.

Is ceiliúradh é an Oireachtas ar raon leathan do na healaíona dúchasacha.

Bhí lá go hiontach agam ag bualadh le cairde, comhleacaí agus cuid mhór Gaeilgeoirí.

D’úsaid Sinn Féin an seans straitéis an pháirtí agus an Gaeilge a phlé, leathanach facebook nua ‘Cabaire’ a sheoladh, agus seimineár faoi ‘Thodhchaí na Gaeilge’ a reachtáil.

Thíos seo é mo focail ag seoladh an leathanach facebook.

Mar Éireannaigh is breá linn bheith ag caint, ag cúl chaint, agus i ndáiríre is breá linn ar fad ‘gossip’.

Mar daoine, táimid fiosrach go nádúrtha.

D’fheadfá rá gur cruthaíodh Facebook agus na meán sóisialta dúinne.

‘An Cabaire’ is ea acmhainn do na meán sóisialta.

Cruthaíodh an leathanach ‘facebook’ seo nuair a thuig Sinn Féin an luach, agus an gá a bhí ann le spás a chruthú, áit go bhfeadfadh daoine le leibhéal éagsúil Gaeilge cumarsáid agus caidreamh le daoine eile agus iad ar a gcompord le seo.

Is spás é gur féidir le daoine fail amach cad tá ar siúl, eolas a fháil faoi nuacht agus ócáidí éagsúil.

Go minic, freastalaíonn daoine ar ranganna agus teann siad go dtí an trioblóid chun an Ghaeilge a fhoghlaim, ach bíonn sé deacair orainn é a úsáid mar nach mbíonn an deis againn í úsáid gach lá, é bheith mar páirt lárnach d’ár saol.

Ach toisc gur teanga beo í An Ghaeilge, sin é go díreach an rud a chaithimid déanamh.

Seachas craic agus comhrá lenar gcairde, ár gcomleacaí agus ár gclainne, caithimid áiteanna gur féidir linn caidreamh trí Ghaeilge gach lá a aithint.

Gan dabht, táimid an-buíoch do TG4, Radio na Gaeltachta, Radio na Life agus Radio Fáilte mar aon le na gréasáin agus eagraíochtaí eile a chuir an teanga chun cinn.

Feicimid ón cuir chuige atá déanta ag Líofa sa 6 Chontae agus an éileamh atá ar níos mó seirbhísí agus Oideachas tri Ghaeilge, go bhfuil an dúil ag ár saoránaigh ár dteanga a aithint agus a úsáid.

Facebook, Twitter agus texting is ea an modh nua aimseartha chun cumarsáide.

Páistí go saolaítear anois, is féidir a rá go bhfuil féith na teicneolaíochta iontu agus iad saolaithe.

Mar sin, taispeánain leathanach facebook cosúil leis ‘An Cabaire’ nasc, ardán atá ann chun droichead a chruthú a thrasnaíonn na glúinte.

Cosúil lenár dteanga, nil aon teorann ann le facebook. Déanann sé ciall an spás seo a chruthú, áit gur cuma cé hé tú féin, cá bhfuil tú, nó fiú cén am a tá tú ann, ní gá dhuit bheith i do aonar riamh.

Aon teanga go múintear, tosaíonn sé sa bhaile.

Chruthaigh Sinn Féin post do dhuine éigin go mbeadh ábalta an Ghaeilge a fhorbairt agus a chuir chun cinn lenar bPáirtí mar thús.

Liadh Ni Riada is ea ár máthair!

Tháinig sí ar board linn i Mí Aibreán agus anois tá sí ag obair go dian chun an teanga a fhorbairt go hairithe laistigh do Shinn Féin.

Tá ranganna ag tosú anois timpeall na Tíre agus anois is féidir an Cabaire a úsáid mar acmhainn gur féidir le daoine díospóireacht, poiblíocht ar imeachtaí agus bheith i gcomhluadar a cheile.

Taispeánain sé eolas ar cad tá ar bun ag eagraíochtaí eile chomh maith, mar sin, is féidir a rá gur leathanach eolais atá ann leis.

Is féidir leat fáil amach faoi ranganna Gaeilge atá ar siúl i do cheantar féin, imeachtaí cultúrtha, gigs, gach saghas rud agus tá sé nascaithe go dtí eagrais Gaeilge eile a tá i mbun obair iontach.

Mar sin, tá sé oiriúnach a rá ‘gur ar scáth a cheile a mhaireann na daoine’ agus tá an ráiteas seo thar i bheith tráthúil chun an seoladh don leathanach nua facebook Gaeilge, go bhfuil Sinn Féin bródúil as, agus go bhfuil mórtas againn ar ,sin é gan dabht – An Cabaire”

No comments:

Share