Wednesday, March 7, 2012

lá na Gaeilge sa Dáil



Seo muid ag caint tré ghaeilge inniu agus fáiltíom roimh an t-am atá againn ins an Dáil agus molaim an Teachta Dála, Aengus Ó Snodaigh de bharr an rún seo a mholadh mar chuid de Sheachtain na Gaeilge.

Bhí an chuid is mó d’imeachtaí den Chéad Dáil tré mheán na Gaeilge agus ba chóir dúinn leanúint le seo mar ábhar nádúrtha agus rialta.

Buíochas ar son iad siúd a d’oibrigh in amannta deacra agus teaghlaigh a chur an Ghaeilge chun cinn. Molaim Raidio na Gaeltachta, TG4, Raidio Fáilte agus Raidió na Life ina measc.

Beatha teanga í a labhairt. Caitear seod nuair atá muid ag iarraidh an seod sin a thaispeáint ach caithfear an seod sin a chaomhnú mar sheod chultúrtha agus é a chaitheamh go bródúil.

Dúirt mise:
“Mar is eol don Aire, is ábhar suim faoi leithe í an Ghaeilge agam.
Beatha teanga í a labhairt agus cuireann sé an-sásaimh orm an borradh atá tagtha i líon na Gaeilgeoirí sa tír, cuid mhaith dó sin de dheascadh gluaiseacht na gaeilscoileanna, na naoinraí agus tuismitheoirí dílis.

Cuireann sé gliondair croí orm amharc ar an méid daoine óga go háirithe atá suim acu sa ghaeilge, agus atá páirteach in eagraíochtaí ar nós Conradh na Gaeilge.

Ach ní mór dúinn a bheith airdeallach nach dtiocfaidh meathú ar bhfás an teanga, ach go háirithe leis an mhéid sin duine atá ina ndeoraí thar sáile.

Beidh impleachtaí ollmhóra ag na ciorruithe oideachas a bhí sa bhuiséad ar ghlúnta de pháistí gaeltachta, is todhchaí an teanga má chailltear múinteoirí iontu.

Tá ról tabhachtach ó thaobh cur chun cinn an Ghaeilge, agus ó thaobh maoirseacht An Acht na dTeangacha Oifigúla ag an gCoimisinéir Teanga.

Níl aon fianaise go mbeadh aon sábhail airgead ann idir ann chomhnascadh le h-oifig an Ombudsman.

Iarraim ar an t-Aire, an bhfuil sé d’intinn aon aird a thabhairt ar na h-aighneachtaí ar athbhreithniú acht na teangacha oifigiúla go gcoimeadfar oifig an choimisinéira mar oifig neamhspleách?

Ni mór dom a rá freisin, go bhfuil tabhacht faoi leith ag na Gaeltachtaí ó thaobh caomhnú agus ó thaobh blas agus saibhreas na teanga.

Ar an ábhar sin, ba mhaith liom iarraidh ar an tAire, cathain a bheidh na “Heads of Bill” do Bille na Gaeltachta aontaithe ag an rialtas, agus cathain a bheidh sé á fhoilsiú?

Tuigim go bhfuil post príomhfheidhmeannach an Údarás fógraithe faoi dheireadh, ach tá go leor imní ar phobail an Ghaeltacht nach mbeidh an seans acu Boird an Údarás a thoghadh go daonlathach arís, mar a mba chóir go mbeadh i ndán dóibh.

An mbeadh an t-Aire sásta ráiteas a dheánamh ar conas mar a thoghfar, nó a roghnófar an bhoird as seo amach?

Tá a fhios agam gur ábhar imní é chomh maith go bhfuil go leor ciorraithe ar bhuiseád capiteal an údarás.

De bharr ciorraithe ar bhuiséad caipteal an údarás d’fhéadfadh go mbeadh an tionchar aige sin ag feidhmiúcháin an údaráis mar eagraíocht fiontair. Tá gá le h-ionadaí don Údarás a bheith tofa go daonlathach i dtoghcháin seachas a bheith ceaptha.

Ar ábhar an samhail nua maoinithe dona heagraíochtaí bun mhaoinithe Gaeilge is léir gur gá don Aire oibriú i gcomhpháirtaíocht leis an Aire Cultúr agus Fóillíochta sa gchomhthionóil, Caral Ní Chuilin, chun an imní atá orthu siúd in earnáil phobail na gaeilge agus an taithí atá ag cuid mhaith acu a thogáil ar boird.

Chomh maith le sin iarraim ar an t-Aire tacaíocht a thabhairt don obair atá á dheánamh sa gchomhthionóil chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Tá Feachtas Líofa 2015 a fógraíodh le tamall anuas ina measc agus molaim Clár Líofa 2015 a scaipeadh trasna an stat seo fosta. Is cuis áthais é dom go bhfuil daoine ón dá thraidisiún tar éis síniú suas don feachtas Líofa 2015.

Iarraim ar an rialtas anseo a fhógru go seasóidh siad le geallúint Rialtas na Breataine leis an gheallúint Acht Teanga iomlán-mhaoinithe agus ceartbhunaithe a thabhairt isteach.

Chomh maith le tacaíocht substantiúil a thaispeáint i dtreo aitheantas oifigiúil agus stádas a thabhairt don Ghaeilge i gcúirteanna na sé chontae.

Glacaim an tseans seo le Bród.ie a mholadh ina bhfuil Bernard Dunne agus daoine ón earnáil poiblí a tabhairt dea shampla dúinn uile.

Tá straitéis 20 bliain ag Sinn Féin don Ghaeilge. Oibreoimid go dícheallach chun é a chuir i bhfeidhm i réimsí Turasóireachta, Cultúir, Spórt, Pobail, Oideachas agus Gaeltachta.

Tacaíonn Sinn Féin le Cultúrlann, atá mar ‘Hubanma Gaelacha’ a bheith ar fáil i mBaile Átha Cliath, agus áiteacha eile ina measc mar ionaid lárnach le h-imeachtaí sóisialta a bheith ar fail d’achan aois.”

2 comments:

JPF : Irish rock not a sham said...

As an Irish American, I'd love to be able to read this most recent entry(3.7.12) in Mr. Adams TD blog in English, if it's not too much of an imposition. I deeply apologize for both my ignorance, and my rudeness. Would that I could speak Gaelic!!! The happiest day of my recent memory was finding these blogs of Sinn Fein's President. He's headed in the right direction, and I am so overly joyous that he's going about change through GOD's way. GOD's speed in all your fine efforts to reunite the country, the families of the world in the Diaspora, and for your determination of self rule!!!

Timothy Dougherty said...

Hi Gerry, An Chéad Dála trí mheán na Gaeilge. An Saol Teaghlaigh na hÉireann, tá ról tábhachtach i gcur chun cinn na teanga, uaireanta an-deacair romhainn gearradh, an buiséad le glúnta oideachas agus todhchaí na leanaí. Poist mór

Share